Ceol 09
Tar éis Seachtain na Gaeilge 2009 gnóthú thar na bearta, seolfar Ceol ’09, an t-albam Gaeilge gur mó tóir air, léirithe ag Seachtain na Gaeilge, ar an Aoine, 27 Márta 2009, agus raghaidh an brabús ar fad chuig an gcarthanacht Barnardos.
I measc na gceoltóirí ag aistriú a n-amhrán do Ceol ’09, tá The Swell Season ag seinnt an amhráin a bhuaigh gradam Oscar ‘Falling Slowly’; ainmní Choice Music, Mick Flannery ag seinnt ‘Tomorrow’s Papers’; amhránaí-cumadóir Albanach Eddi Reader lena cnag ‘Perfect’ chomh maith le Cathy Davey, Camille O Sullivan, John Spillane, Duke Special agus i bhfad níos mó. (Liosta iomlán na n-amhrán thíos)
Ag labhairt faoi thaifead Gaeilge a dhéanamh ar a n-amhrán Oscar don albam Ceol ’09, dúirt Glen Hansard “Falling Slowly has done a lot for us. Made us proud parents and taken us to the world. So it makes total sense to sing it in our native tongue. I’m very happy we got the opportunity and that we were given the challenge!”
Síleann Orla Nic Shuibhne, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge, go raibh tionchar ollmhór ag na halbaim Ceol le blianta beaga anuas ar an teanga, “Le ceoltóirí ar chaighdéan le The Swell Season, Mick Flannery & Cathy Davey ag seinnt ar a leithéid d’albam, ní hamháin go gcuireann sé go mór leis an mbrabús dár rogha charthanachta Barnardos ach ardaíonn sé próifíl na Gaeilge, ag nascadh daoine lena teanga dhúchais trí mheán chumhachtach an cheoil.”
Tá Ceol ‘09 ar fáil ar iTunes anois. Éist le cúpla traic ar MySpace!
Liosta amhráin agus liricí Ceol 09
1. The Swell Season – Grá dom Leonadh
3. Mick Flannery – Nuachtáin an lae amárach
4. Camille O’Sullivan – Sna Bróga Seo
8. Duke Special – Tochailt Uaighe go Róluath
9. Noelie McDonnell – Trí Bhliana D’Aois
10. Paddy Casey – Seo mo chuid, Taispeáin do chuid
11. Ham Sandwich – Click Click Boom
12. Earthquake Hair – Silverize
13. Caruso – Trasna na gCianta
14. Nell Bryden – Dara huair a ghrá




