Fínscéal Fíbín
Fíbín Tá Fíbín Teo. a bhfuil tóir an phobail orthu agus atá tar éis a bheith ar chamchuairt le ceithre léiriúchán i 2011 chun Finscéal Fíbín – Stair ghearr de Theanga na Gaeilge a athbheochan i 2012. Léiríodh an dráma ag roinnt féilte timpeall na tíre, ó thuaidh agus ó dheas, agus d’éirigh leo slua mór a mhealladh chuig an bpuball amharclainne ag Electric Picnic i mbliana.
Is féidir an dráma a chur in óiriúint do réimse spásanna ó leabharlanna go scoileanna chomh maith le hAmharclanna. Tá sé feilliúnach do dhaoine ó 12 d’aois ar aghaidh. Maireann sé thart ar chaoga nóiméad agus togann sé thart ar dhá uair a chloig an seit a shocrú suas. Déanann Finscéal Fíbín cur sios greannmhar ar na rudaí a mhunlaigh ár dteanga dhúicais thar na mílaoiseanna. Léirítear é i stíl leithleach Fíbín ag baint úsáid as púipéid, maisc agus cur i láthair idirghníomhach a dhéanann teanga na Gaeilge tarraingteach agus greannmhar. Déan teagmháil le hEmer ó Fíbín le haghaidh tuilleadh eolais nó chun dátaí a chur in áirithe: 091-505855, emer.nicaodhain@gmail.com











