‘RITH’ AR AIS AR AN mBÓTHAR DO SHEACHTAIN NA GAEILGE 2012
Tá áthas ar Sheachtain na Gaeilge a chur in iúl gurb é Eoghan Mac Diarmada, láithreoir The Voice ar RTÉ agus an seó drivetime ar XFM (Londain), ambasadóir Sheachtain na Gaeilge 2012. Is féile bhliantúil í Seachtain na Gaeilge a spreagann na céadta míle duine chun an Ghaeilge a úsáid sa bhaile agus thar lear agus beidh sí ar siúl ón 5 – 17 Márta i mbliana. Le himeachtaí idir thráthnóna comhrá agus chéilithe sráide; blind date agus ranganna surfála as Gaeilge; tugann sé seans do gach éinne triail a bhaint as an nGaeilge is cuma más cainteoir dúchais nó foghlaimeoir nua atá ionat.
Bhí Eoghan i gCearnóg Mhuirfean maidin inniu chun Rith 2012, ceann de na himeachtaí is mó a bheidh á reáchtáil le linn Sheachtain na Gaeilge, a sheoladh in éineacht le Sinéad Ní Loideáin, TG4, agus daltaí scoile ó Bhaile Átha Cliath. Is rith sealaíochta 700km é Rith 2012 a bheidh ag tosú i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall ar 8 Márta agus ag críochnú in Inis Mór, Oileáin Árainn, ar Lá Fhéile Pádraig. Iompróidh na mílte duine bata a bhí deartha go speisialta don imeacht agus teachtaireacht tacaíochta don Ghaeilge laistigh de, thar 10 lá na féile. Léifear an teachtaireacht don mhórphobal nuair a bhainfear an críoch amach ar 17 Márta. Ghlac 20,000 duine páirt sa chéad Rith in 2010 agus tá sé mar aidhm ag na heagraithe go mbeidh Rith 2012 níos mo fós agus go mbaileofar airgead chun tacú le pobail Ghaeilge timpeall na tíre.
Dúirt Bainisteoir Rith 2012, Cóilín Ó Cearbhaill: “Táimid ar bís faoi Rith 2012. I ndiaidh rath na féile in 2010, rinneamar an cinneadh tógáil air chun go mbeadh sé níos mó agus níos fearr i mbliana. Tugann Rith na céadta pobal le chéile ar fud an oileáin chun tacaíocht agus dea-thoil a léiriú don Ghaeilge i rith Sheachtain na Gaeilge. Táimid ag iarraidh ar dhaoine clárú linn anois agus teacht amach chun páirt a ghlacadh. Tá gach eolas ar www.rith.ie.”
Dúirt Bainisteoir gníomhach Sheachtain na Gaeilge, Brenda Ní Ghairbhí: “Táimid an-sásta go mbeidh Rith 2012 mar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge i mbliana. Is slí nuálaíoch agus spraíúil í chun an Ghaeilge a spreagadh sa phobal. Chomh maith leis an rith féin, beidh na céadta imeacht Gaeilge á reáchtáil ag grúpaí áitiúla timpeall tíre mar chuid de Sheachtain na Gaeilge agus is féidir súil a choinneáil ar www.snag.ie, áit a bhfuil liosta imeachtaí na féile ag fás ó lá go lá.”
CRÍOCH
Le haghaidh tuilleadh eolais, teagmhálaithe agallaimh nó íomhánna, déan teagmháil le:
Brenda Ní Ghairbhí – Bainisteoir gníomhach Sheachtain na Gaeilge 2012
F: 01-4757401, 086-3649776
E: brenda@snag.ie
Cóilín Ó Cearbhaill – Bainisteoir Rith 2012
F: 01-4757401, 086-8599067
E: coilin@rith.ie












