Oíche Chultúir 2010
Beidh Oíche Chultúir 2010 ar siúl ar an Aoine 24ú Meán Fómhair agus beidh Seachtain na Gaeilge ag glacadh páirt ann arís i mbliana chomh maith le heagraíochtaí Gaeilge eile(luaite san amchlár thíos). Bhí oíche den scoth ag na sluaite a tháinig isteach go 6 Sráid Fhearchair anuraidh don Oíche Chultúir agus is cinnte go mbeidh an-tóir ar na himeachtaí spraíúla agus spreagúla atá i ndán dúinn i mbliana!
An bhfuil dúil agat i scríobh amhrán nó dánta?! An bhfuil grá agat don cheol?! Tá Ceardlann Cheoil agus Scríobh Amhrán (saor in aisce) eagraithe ag Seachtain na Gaeilge don Oíche agus táimid ag tnúth go mór leis! Beidh an ceoltóir agus amhránaí cumasach Enda Reilly ag tabhairt faoi óna 19:00 – 20:30 in fhoirgneamh Chonradh na Gaeilge. Ní gá a bheith líofa sa Ghaeilge, cuirtear fáilte roimh chách le leibhéal éagsúla agus a bhfuil an-suim acu i scríobh na n-amhrán! Seo deis do dhaoine triail a bhaint as scríobh amhrán trí Ghaeilge agus buaileadh le daoine eile a bhfuil an suim céanna acu. Is féidir giotár a thógáil go dtí an cheardlann más mian leat ach beidh an béim is mó curtha ar scríobh agus amhránaíocht.
Taraigí agus bain sult as amhráin a chumadh agus a chanadh trí Ghaeilge le Enda!
Téigh i dteagmháil linn san oifig 01-4757401 nó eolas@snag.ie roimh Déardaoin 23ú Meán Fómhair le háit a chur in áireamh!
AMCHLÁR NA N-IMEACHTAÍ @ CONRADH NA GAEILGE, 6 SRÁID FHEARCHAIR, BAILE ÁTHA CLIATH 2:
| AM | IMEACHT | EAGRAITHE AG |
| 5.00 – 11.00in
Gach 20 nóiméad |
Turas Staire Treoraithe ar an gCeannáras | Conradh na Gaeilge |
| 5.00 – 11.00in | An tOireachtas: Spléachadh Siar
Taispeántas de ghrianghraif a thóg Clive Wasson ag féilte Oireachtais éagsúla ó 2004 i leith |
Oireachtas na Gaeilge
i gcomhar le Club Chonradh na Gaeilge |
| 5.00 – 10.00in | Sladmhargadh | An Siopa Leabhar |
| 5.00 – 7.00in | Ciorcal Comhrá do Dhaoine Fásta | Glór na nGael
i gcomhar le Club Chonradh na Gaeilge |
| 5.00 – 7.00in | Gearrscannáin na Gaeilge | Club Chonradh na Gaeilge |
| 6.00 – 7.00in | Cluichí agus Spórt trí Ghaeilge do Pháistí
(2 – 5 bliana d’aois) |
Forbairt Naíonraí Teoranta |
| 6.00 – 7.00in | Cluichí agus Spórt trí Ghaeilge do Pháistí
(6 – 12 bliana d’aois) |
Ógras |
| 6.00 – 7.00in | Rang Rince do Dhaoine Óga (12 – 18 mbliana d’aois) | An Coimisiún le Rincí Gaelacha |
| 7.00 – 8.00in | Ceardlann Cheoil & Scríobh Amhrán | Seachtain na Gaeilge |
| 7.00 – 9.00in | Rang Gaeilge do Dhaoine Fásta | Conradh na Gaeilge |
| 8.00 – 9.00in | Language Transmission From Generation to Generation
Caint le Finlay MacLeod, CNSA, Alban Eagraíonn cúrsaí Gàidhlig ‘san Dachaidh / Gaelic in the Home |
Comhluadar |
| 9.00in | Taispeántas Rince | An Coimisiún le Rincí Gaelacha
i gcomhar le Club Chonradh na Gaeilge |
| 9.00 – 11.00in | Amhránaíocht agus Siamsa na hOíche | Club Chonradh na Gaeilge
i gcomhar le Oireachtas na Gaeilge |
* NÍ MÓR ÁITEANNA A CHUR IN ÁIRITHINT DO NA HIMEACHTAÍ SEO *











