Fáilte, a Chuairteoir! [ Cláraigh | Logáil Isteach ]  

cuardaigh

cláraigh

Cláraigh do imeacht anseo!

CEOL ‘10 ar díol anois!

04-03-2010

Beidh seoladhCEOL ’10:  SÚIL SIAR,albam cnuasaigh d’amhráin Ghaeilge léirithe ag Seachtain na Gaeilge ar an Aoine 5 Márta 2010, le gach brabús ag dul go dtí an charthanacht Barnardos.

Is cur chuige nuálaíoch agus samhlaíoch é Ceol ’10 – Súil Siar chun ár dteanga dhúcháis a fhoghlaim trí cheol. Ní leor a bheith ar barr na gcairteacha lena mbuaicamhráin Bhéarla, tá ceoltóirí na hÉireann tar éis glacadh le cuireadh Sheachtain na Gaeilge chun a gcuid amhrán a chasadh i nGaeilge. Tá ceithre albam léirithe go dtí seo agus bhain albam na bliana seo caite Ceol ’08 uimhir a haon amach i gcairteacha na hÉireann.

I mbliana caitheann CEOL ’10 – Súil Siar, súil siar ar na hamhráin agus ceoltóirí is mó tóir orthu a d’aistrigh a n-amhráin do CEOL le cúig bliana anuas, san áireamh: The Swell Season ag seinnt an amhráin a bhuaigh gradam Oscar‘Falling Slowly’; amhránaí-cumadóir Albanach Eddi Reader lena cnag ‘Perfect’ chomh maith le The CoronasBell X1, Gemma Hayes, Luan Parle, Mundy, The Saw Doctors, Kíla agus i bhfad níos mó. (Liosta iomlán na n-amhrán thíos)

Ag labhairt faoi thaifead Gaeilge a dhéanamh ar a n-amhrán Oscar don albam Ceol ’10, dúirt Glen Hansard “Tá Falling Slowly tar éis mórán a dhéanamh dúinn. Dhein sé tuistí bródúla asainn agus chuir sé os comhair an tsaoil mhóir sinn. Luíonn sé le réasún é a chanadh inár dteanga dhúchais.  Tá an-áthas orm go bhfuaireamar an deis agus gur tugadh an dúshlán dúinn!”

Síleann Orla Nic Shuibhne, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge, go raibh tionchar ollmhór ag na halbaim Ceol le blianta beaga anuas ar an teanga, “Le ceoltóirí ar chaighdéan le The Swell Season, Eddi Reader & The Coronas ag seinnt ar a leithéid d’albam, ní hamháin go gcuireann sé go mór leis an mbrabús dár rogha charthanachta Barnardos ach ardaíonn sé próifíl na Gaeilge, ag nascadh daoine lena teanga dhúchais trí mheán chumhachtach an cheoil.”

Beidh Ceol ’10 ar fáil ó gach siopa maith ceoil ón 5ú Márta.

Seachtain na Gaeilge 2010 takes places between the 5th – 17th March 2010:  www.snag.ie

CEOL '10 - SÚIL SIAR

  • Print this article!
  • Digg
  • del.icio.us
  • Facebook
  • Google Bookmarks
  • Turn this article into a PDF!
  • TwitThis

3 Tráchtanna go “CEOL ‘10 ar díol anois! ”

  1. [...] Gaeilge’s more successful initiatives to bring back the Irish songs the we learned at school. Ceol ‘10 is the sixth instalment in the Ceol (meaning “music”) series of albums where many of [...]

  2. paige curran says:

    hi loved the coronas ÉIst a Ghrá i was wondering is their a website were i can find the lyircs? as theres a few words a cant fully make out thanks paige

  3. eóin says:

    Éist a ghrá
    Éist a ghrá tá a lán a’am le rá
    Tuigim do dheacracht is do himní mo ghrá
    Ní fhéadfadh míle focail cabhrú liom
    Ach gealaim duit anois oibreoidh sé dom

    Táim níos láidre leat ar mo chliatháin
    Is tú mo h-aingil ’s tusa amháin
    Feictear rudaí ag eitilt go h-ard
    Ní fhéadfhadh fad scoilt a chur in ár ngrá

    So ná h-imigh, mo chroí chomh lag,
    As mo cheann, as mo radharc ach ní riamh ó m’aigne
    Anois tá’s a’am gurb é an rud is deacra bheith ag
    breathnú ort imeacht

    tú ag imeacht
    tú ag imeacht
    tú ag imeacht

    Éist a stór is lig dom míniú
    A lán mí-cheart gan milleán ar bith
    Táim casta gur chríochnaigh sé chomh bog
    Briseadh idir eadrainn, briseadh beag

    Táim chomh soineanta gur chreid mé go binn
    Go mbeadh gach rud ceart i gceann ocht mí
    Mar a deirtear cruthóidh seo muid go buan
    Ach ’sé lá amháin lá ró-fhada dúinn

    Só ná h-imigh, mo chroí chomh lag,
    As mo cheann, as mo radharc ach ní riamh ó m’aigne
    Anois tá’s a’am gurb é an rud is deacra bheith ag
    breathnú ort imeacht
    tú ag imeacht
    tú ag imeacht
    tú ag imeacht

    So ná h-imigh, mo chroí chomh lag,
    As mo cheann, as mo radharc ach ní riamh ó m’aigne
    Anois tá’s a’am gurb é an rud is deacra bheith ag

    breathnú ort imeacht
    tú ag imeacht
    tú ag imeacht
    tú ag imeacht

Fág do fhreagra