Ceardlann Drámaíochta
Eagraí an Imeachta
Leabharlann Chontae Mhaigh Eo

Seoladh
Leabharlann Chathair na Mart & Leabharlann Chluain Cearbán, Maigh Eo, Ireland
Dáta
16-03-2010
10.30
Cur Síos
Beidh Lochlann Ó Mearáin ag tabhairt ceardlanna drámaíochta do pháistí scoile ó Chathair na Mart agus ó Chluain Cearbán. I mBaile Átha Cliath a rugadh é agus tá cónaí air anois i Maigh Eo. Thosaigh Lochlann ag aisteoireacht le hAmharclann Óige Átha Cliath (DYT) ag aois 14. Tá obair le teilifís, scannáin agus ar an stáitse déanta aige. Is é a ghuth atá in úsáid ag go leor carachtair ar chartúin do pháistí ar TG4.
Mapa
Déan teagmháil le eagraí an imeachta: Oonagh Ní Chéilleachair
http://www.mayolibrary.ie/en/home/index.aspx
087 697 2922











