Fáilte, a Chuairteoir! [ Cláraigh | Logáil Isteach ]  

cuardaigh

cláraigh

Cláraigh do imeacht anseo!

Seisiún Léitheoireachta do Pháistí le Leabhar Power

Eagraí an Imeachta


Publishing Ireland



Seoladh


Liam Russell, 49/50 Oliver Plunkett Street, Corcaigh, Ireland


Dáta


12-03-2010
11:00am


Cur Síos

Ar Dé hAoine 12 Márta, ag 11:00am, beidh Laoise Ní Chomhraí chun cuairt a thabhairt ar na páistí ó Ghaelscoil An Ghoirt Alainn i Siopa Liam Ruiseal, 49 Oliver Plunkett Street, Corcaigh, chun píosaí a léamh ón leabhar atá scríofa aici, Ag Taisteal le Tarlach sa Pholainn. Ar a shlí chun na Polainne atá Tarlach an uair seo in éineacht lena chara, Adas´ . As anbPolainn d’Adas´ agus bhí San Nioclás an-chineálta i mbliana. Tá sé i gceist ag an mbeirt acu an Nollaig a chaitheamh sa Pholainn, dul ag sciáil agus roinnt
spaisteoireachta a dhéanamh. Caithfidh Tarlach dul i ngleic leis an bPolainnis freisin ar
ndóigh agus le bia na Polainne, agus feiceann sé go bhfuil neart cosúlachtaí agus
éagsúlachtaí idir Éire agus an Pholainn.
Is múinteoir bunscoile í Laoise Ní Chomhraí atá anois ag múineadh ar an gCeathrú Rua i gContae na Gaillimhe. Chaith sí cúig bliana ag taisteal agus ag obair i dtíortha éagsúla, ina measc an t-Seapáin, an Pholainn, an Astráil agus an Nua-Shéalainn. Tá sí ag iarraidh cuid de chultúr na dtíortha sin a roinnt le gasúir na hÉireann. Le haghaidh tuile eolas téigh chuig www.agtaistealletarlach.com
Tá Ag Taisteal le Tarlach foilsithe ag An Gúm, chun tuilleadh eolais a téigh chuig http://www.irish.ie/ForasnaGaeilge/An_Gum.asp

  • Print this article!
  • Digg
  • del.icio.us
  • Facebook
  • Google Bookmarks
  • Turn this article into a PDF!
  • TwitThis

Mapa

Déan teagmháil le eagraí an imeachta: Leabhar Power

http://www.leabharpower.com


01 4151210