Fáilte, a Chuairteoir! [ Cláraigh | Logáil Isteach ]  

cuardaigh

cláraigh

Cláraigh do imeacht anseo!

Aoibhínn agus Danny i gcomhair Sheachtain na Gaeilge 2010!

15-01-2010

Danny & Aoibhinn

Gan ach 7 seachtaine le dul go tús Seachtain na Gaeilge 2010, tá ríméad an domhain orainn a fhógrú gurb iad Aoibhínn Ní Shúilleabháin agus Danny O’Reilly ambasadóirí na féile i mbliana.

Tógadh Aoibhínn go dátheangach i gCo. Mhaigh Eo. Is múinteoir, craoltóir, buaiteoir Rós Thrá Lí 2005 í agus ainmníodh í mar ‘An Réalt Baineann Teilifíse is Gnéasúla’ san RTÉ Guide! Tagann Danny ó Bhaile Átha Cliath. Is ceoltóir, cumadóir agus príomh-amhránaí é le banna ceoil pop-rac ‘The Coronas’. Sheinn Danny agus ‘The Coronas’ ar an albam Ceol 08 de chuid Sheachtain na Gaeilge agus tá an-chionn aige dár dteanga dhúchais. Coinnigh súil amach dóibh agus iad ag labhairt ar son Sheachtain na Gaeilge  ar chláracha teilifíse agus raidió!

Táimid ag cur i gcuimhne do gach eagras, grúpa agus club imeachtaí a chlárú ar an suíomh idirlín roimh an Chéadaoin, 27ú Eanáir ionas go mbeidh siad mar chuid den gclár náisiúnta san eagrán Sult agus gur féidir linn poibliú a dhéanamh orthu don phobal mór!

  • Print this article!
  • Digg
  • del.icio.us
  • Facebook
  • Google Bookmarks
  • Turn this article into a PDF!
  • TwitThis

Fág do fhreagra