Fáilte, a Chuairteoir! [ Cláraigh | Logáil Isteach ]  

cuardaigh

cláraigh

Cláraigh do imeacht anseo!

Cláraigh imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge 2010!

02-12-2009

Tá lán fáilte roimh gach eagrais agus grúpa clárú a dhéanamh anois ar an suíomh idirlín i gcomhair Seachtain na Gaeilge 2010!

Bhí na mílte daoine páirteach i Seachtain na Gaeilge 2009 agus táimid ag súil leis an méid céanna agus níos mó a bheith linn arís an bhliain seo chugainn! Tá dul chun cinn agus rath na féile mar chúis ar an líon daoine a bhíonn páirteach gach bliain. Táimid ag súil le bheith ag comhoibriú libh arís i 2010.

Tá treoracha le fáil ar an suíomh nua conas clárú linn le cuntas pearsanta/eagrais a oscailt agus an méid is mó imeachtaí atá agaibh a chlárú ansin. Táimid ag súil againn go mbeidh an suíomh nua níos fusa le brabhsáil agus go bhfeidhmeoidh sé níos éifeachtúla. Má bhíonn ceist nó fadhb ar bith agaibh, ní bíodh drogall oraibh teagmháil a dhéanamh linn i rith uaireanta na hoifige.

Míle buíochas!

  • Print this article!
  • Digg
  • del.icio.us
  • Facebook
  • Google Bookmarks
  • Turn this article into a PDF!
  • TwitThis

4 Tráchtanna go “Cláraigh imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge 2010! ”

  1. Michelle Ní Chearbhail says:

    Dia duit,
    Táim ag iarraidh fail amach an spriocdháta le haghaidh iarratas a chur isteach.
    Míle buíochas,
    Michelle Ní Chearbhail

  2. SnaG says:

    Hi Michelle,

    Is fearr go mór go mbeadh clárú do chuid imeachtaí déanta roimh 22 Eanáir de bharr go mbeidh gach imeacht cláraithe curtha isteach sa chlár náisiúnta san eagrán Sult.
    Ní chuirtear imeachtaí scoile isteach ann áfach de bharr gur imeachtaí inmheánach iad na himeachtaí scoile agus is imeachtaí don phobal a chuirtear i Sult.
    Agus é sin ráite, tá fáilte mhór roimh scoileanna imeachtaí scoile a chur ar an suíomh.
    Déan teagmháil linn ag eolas@snag.ie más mian leat tuilleadh eolais ar rud ar bith eile.

    Míle buíochas!

  3. Can I please confirm that our event is registered. Sligo Feis Ceoil competitioons will take place on March 6th 2010 in The Sligo Park Hotel. The syllabus is available on http://www.sligofeiscoeil.ie. All schools in the Sligo area will receive information by post also.Closing date for netries is February 12th 2010.
    Regina

  4. Colin says:

    bhuel…. conas ata tu? is aoibhinn liom seachtain na gaeilge!
    taim an sasta faoi sin!
    slan go foill
    an bhfuil aon ceiluradh sa baile ath luain??
    scriobhfaidh tu ar ais chugam
    slan go foill,coilin o’miochain

Fág do fhreagra