Oíche Chultúir 25/09/09
B’é an dara bhliain go raibh Conradh na Gaeilge páirteach in Oíche Chultúir de chuid Taisce Chultúrtha Bharra an Teampaill agus i mbliana d’eagraigh Seachtain na Gaeilge ceolchoirm i gClub Chonradh na Gaeilge ar an Aoine, 25 Meán Fómhair.
Mar chuid den Oíche Chultúir i gConradh na Gaeilge, tugadh deis don phobal turas treoraithe a ghlacadh thart ar an bhfoirgneamh fíorstairiúil ag Uimhir a 6, Sráid Fhearchair agus chuir óg-eagraíocht Chonradh na Gaeilge, Ógras, ceardann spraíúil ar siúl don chlann ar fad a ghlac páirt sa chraic agus cluichí as Gaeilge. Chomh maith leis sin, bhí an deis ag foghlaimeoirí fásta Átha Cliath triail a bhaint as rang Gaeilge in aisce. Thíos sa Chlub, thosaigh ceolchoirm Sheachtain na Gaeilge leis an gceoltóir cumasach Enda Reilly a chuir ar ár suimhneas muid lena hamhráin is déanaí as Gaeilge. Ina dhiaidh chas Darach Mac Mathúna ar a chnaipchairdín agus thug sé le fios dúinn cad is ‘sexy sean-nós’ ann!











