Fáilte, a Chuairteoir! [ Cláraigh | Logáil Isteach ]  

cuardaigh

cláraigh

Cláraigh do imeacht anseo!

SnaG sa Phuball Gaeilge ag Electric Picnic ‘09!

10-11-2009

Bhí Seachtain na Gaeilge mar chuid de fhoireann eagraithe an Phubaill Gaeilge arís i mbliana i gcomhar le Raidió na Life 106.4FM agus Rossa Ó Snodaigh ó Kíla.  Ba dheireadh seachtaine den scoth a bhí ann agus ba léir gur bhain gach duine an-taitneamh as na himeachtaí sa Phuball Gaeilge an bhliain seo. Ba chuid den Mind Field ab ea an Puball, achar cultúrtha agus beomhar amach is amach.

Bhí gach saghas siamsiacht ar fáil sa Phuball Gaeilge, ó rac&popcheol le Guggenheim GrottoFiach, Tadhg Cooke go hip hop le Bubba Shakespeare & GMC agus Ophelia go sexy sean-nós le Sibéal Davitt agus Darach Mac Mathúna agus ceol úr-thraidisiúnta le baill de Kíla. Bhí an-spraoi againn le Hector Ó hEochagáin ar an Satharn nuair a chur sé  TGLeathar agus Factor sa Phicnic i láthair! Maith sibh a ghlac páirt!

Is féidir breathnú ar chlár an Phubaill Gaeilge ag Electric Picnic ’09  agus na grianghraifeanna ón deireadh seachtaine a fheiceáil sa Gailearaí againn.

Má bhí tú sa Phuball Gaeilge abair linn má tá tú sna grianghraifeanna agus/nó inis dúinn faoi cad a cheap tú faoi!

  • Print this article!
  • Digg
  • del.icio.us
  • Facebook
  • Google Bookmarks
  • Turn this article into a PDF!
  • TwitThis

Fág do fhreagra